Bord Riaracháin

Déanann an Bord Riaracháin maoirseacht ar an obair a dhéanann an Ghníomhaireacht agus an Stiúrthóir Feidhmiúcháin. Go háirithe, glacann an Bord Riaracháin Doiciméad Clársceidealaithe Aonair trí bliana na Gníomhaireachta agus, laistigh dá inniúlacht faoi chuimsiú an nós imeachta bhuiséadaigh, glacann sé an buiséad agus an plean bunaíochta. Faoi mar a iarrtar air leis an Rialachán Airgeadais, déanann an Bord Riaracháin an Tuarascáil Bhliantúil Chomhdhlúite ar Ghníomhaíochtaí na Gníomhaireachta a ghlacadh agus a mheasúnú freisin maidir le gnóthú cuspóirí agus aschur feidhmíochta a bhaineann le prionsabail na cost-éifeachtúlachta, na héifeachtúlachta agus na bainistíochta fónta airgeadais.

Ar an mBord Riaracháin tá ionadaithe ó na Ballstáit AE go léir, ón Íoslainn agus ón Iorua (áit a ngníomhaíonn tíortha Chomhlachas Saorthrádála na hEorpa mar bhreathnóirí), ceathrar ionadaithe ón gCoimisiún agus ceathrar ionadaithe nach bhfuil aon chearta vótála acu ó earnálacha difriúla den tionscal muirí.

Bord Riaracháin

Save

Save